Stát de chuid na Brasaíle atá suite in oirthuaisceart na tíre is ea Maranhão. Tá an stát ar an gcósta Atlantach. São Luís an phríomhchathair agus is é Jackson Lago an gobharnóir. Tá 5,642,960 duine ina gcónaí i Maranhão. Tá spásfort suite sa stát in Alcântara.
Stair
Níor ghlac Maranhão páirt i bhForógra Saoirse na Brasaíle in 1822 ach an bhliain ina dhiaidh sin, bhí sé ina chuid d'Impireacht na Brasaíle.