Mastodon (bogearraí)
Sonóg | Masto Don (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Mastadán agus Mastodon (en) | ||||
Sonraí | |||||
Cineál | seirbhís Ghréasáin server software (en) distributed social network (en) bogearra saor comhphobal ar líne | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 16 Márta 2016 | ||||
Úsáideann sé/sí | ActivityPub | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | fediverse (en) | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | joinmastodon.org | ||||
Bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce is ea Mastodon. Óstálann Mastodon líonraí sóisialta.
Feidhmiú
Cé go bhfuil sé cosúil le Twitter ar bhealaí áirithe, ní hionann cur chuige Mastodon ar chor ar bith. Líonra sóisialta feidearálach díláraithe atá in Mastodon. 'Cearnóg' ollmhór amháin atá in Twitter, ach gréasán 'cearnóga' beaga atá in Mastodon.[1]
Tá Mastodon.ie ar cheann de na cearnóga sin, ach tá lear mór freastalaithe (nó ‘áscanna’,[2] sin an téarma oifigiúil) eile sa chruinne chónaidhmeach[3] darb ainm Mastodon: cuid acu réigiúnda, cuid acu dírithe ar réimse saoil nó ar theanga ar leith.
Is féidir le duine cuntas a chruthú ar cheann de na freastalaithe sin agus páirt a ghlacadh tríd an gcuntas sin i gcomhráite ar fhreastalaithe eile, leis.
Murab ionann is Twitter, níl algartam uilechumhachtach i gceannas ar Mastodon. Is é an t-úsáideoir agus an t-úsáideoir amháin a chuireann an amlíne i dtoll a chéile. Níl fógraí ann; ar Mastodon, breathnaítear go hamhrasach ar aon rud a mbíonn blas na fógraíochta nó na brandála pearsanta le brath air.[4] Gach rud leis an rud eile, tá an pobal níos cairdiúla i gcomparáid le Twitter.[1]
Tugtar ‘tútanna’ ar tvuíteanna ar Mastodon.
Stair
Scríobh an forbróir gréasáin, Eugen Rochko, an cód sa bhliain 2016 sa Ghearmáin.
Ó cheannaigh Elon Musk Twitter i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá na céadta míle duine ar fud an domhain tar éis bailiú leo go Mastodon.
Gaeilge ar Mastodon.ie
Tá pobal bríomhar Gaeilge ar Mastodon.ie cheana féin. Ach tá cuid mhór de na meáin (seachas TG4), de na foilsitheoirí agus de na heagraíochtaí in easnamh.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ 1.0 1.1 Alex Hijmans (9 Samhain 2022). "Tá neart Gael bogtha go dtí Mastodon, mise ina measc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-09.
- ↑ 'instance' i mBéarla
- ↑ ‘fediverse’ i mBéarla
- ↑ Alex Hijmans (12 Samhain 2022). "Cén tairbhe a bhainfidh earnáil litríochta na Gaeilge as Mastodon?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-12.