Meiteamorfóis
Sa bhitheolaíocht, athrú tobann sa struchtúr (mar shampla, athruithe sonracha i struchtúr orgánaigh, ó larbha don orgánach aibí, nó ó staid larbhach amháin go dtí an chéad staid eile). Is féidir go mbeidh an mheiteamorfóis forchéimneach, cosúil le hathrú an torbáin ina fhrog, nó go mbeidh pas idirmheánach suaimhneach taobh istigh de chocún nó criosaláid nuair a tharlóidh atheagrú na bhfíochán.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Meiteamorfóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 449.