Mikael Forssell
Is imreoir sacair ón Fhionlainn é Mikael Forssell a rugadh ar 15 Márta 1981 in Steinfurt na Gearmáine. D'imir sé i sraith na n-óg le HJK san Fhionlainn sna blianta 1994–1997. Sna blianta ina dhiaidh sin, d'imir sé mar thosaitheoir le roinnt clubanna i Sasana (Birmingham City agus Chelsea), sa Ghearmáin (Hannover) agus san Fhionlainn. Imríonn sé le Veikkausliga Club HJK faoi láthair, club san Fhionlainn. Sna blianta 1999–2014 d'imir sé freisin d'fhoireann náisiúnta na Fionlainne.