Modal Young
Foirmle | |
---|---|
Ainmnithe i dtagairt do | Thomas Young |
Claonadh an ghraif nuair a tharraingítear graf den strus inteannta i bpascail (Pa), i gcoinne na straidhne inteannta (fadú, roinnte ar an mbunfhad) ina chodáin, i gcás barra nó sreinge atá faoi theannas nó comhbhrú líneach. Úsáidtear an tsiombail E dó, agus in aonaid Pa a thomhaistear é. Ainm eile air is ea an modal leaisteachais. Ciallaíonn luach ard E gur deacair an t-ábhar a shíneadh agus gur ábhar docht é. Luach timpeall 2 × 1011 Pa a bhíonn ag cruach, agus timpeall 0.1 × 1011 ag adhmad ar feadh an tsnáithe. Ainmnithe as Thomas Young.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Modal Young". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.