Monocotylidae
monocots | |
---|---|
Triticum aestivum | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Luach ar iarraidh | monocots |
Ceann den dá phríomhroinn de na plandaí bláfara. Is iad na déchotailéadóin an phríomhroinn eile. Bíonn cotailéadón amháin ag suth an tsíl, agus feonn príomhfhréamh an tsíolphlanda go luath, ag fágáil córas snáithíneach fréamhacha. De ghnáth bíonn duilleoga caola acu, le féitheacha comhthreomhara neamhghéagacha, agus bláthanna le codanna eagraithe i dtríonna nó iolraí de 3. Bíonn na burlaí soithíocha scaipthe sa ghas. De ghnáth ní bhíonn aon chaimbiam sa ghas ná aon fhíochán soithíoch tánaisteach. Tá monacotailéadóin atá cosúil le crainn (mar shampla, na pailmeacha), ar éagsúil a bhfás is a n-adhmad ó na crainn ar déchotailéadóin iad. Is lú ar fad grúpa na monacotailéadón (timpeall 60 chlann ar eolas) ná grúpa na ndéchotailéadón, ach tá cuid acu i measc na gclann phlandaí bláfara is mó (mar shampla, na féir, na pailmeacha, na magairlíní, na lilí).[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Monacotailéadón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 467.