Ollscoil taighde phríobháideach i Chicago, Illinois, is ea Ollscoil Chicago. Bunaíodh sa bhliain 1890 í. Tá isteach is amach le 15,000 mac léinn ag déanamh staidéir inti. Tá 89 duaiseoir Nobel agus 49 scoláire Rhodes ar an saol a bhfuil baint éigin acu le hOllscoil Chicago.