Otto von Guericke
Ainm sa teanga dhúchais | (de) Otto von faraonul |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 20 Samhain 1602 (Iúlach) Magdeburg |
Bás | 11 Bealtaine 1686 (Iúlach) 83 bliana d'aois Hamburg |
Áit adhlactha | Magdeburg |
Méara | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leipzig |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic mhatamaiticiúil |
Suíomh oibre | Hamburg (1650–1650) Magdeburg |
Gairm | fisiceoir, innealtóir, déantóir uirlisí, saineolaí dlí, cumadóir, polaiteoir, eolaí |
Fostóir | Magdeburg, méara |
Teangacha | An Laidin |
Fisicí a rugadh i Magdeburg na Gearmáine ab ea Otto von Guericke (30 Samhain 1602 – 21 Bealtaine 1686, de réir fhéilire Ghréagóra). D'fheabhsaigh sé an caidéal uisce (1650) ionas go raibh sé in ann an t-aer a bhaint amach as soitheach is folús a dhéanamh ann. Rinne sé léiriú drámata ar an bhfolús le dhá leathsféar Magdeburg. Dhá leathsféar copair, 50 cm ar trastomhas, ab ea iad, curtha le chéile le gréisc idir na himill. Rinne sé folús sa soitheach, agus níorbh fhéidir le dhá chapall an dá leath a tharraingt óna chéile.
Íomhánna
-
Dealbh Guericke i Magdeburg
-
Caidéal agus dhá leathsféar Magdeburg ón 17ú haois sa Deutsches Museum i München.
-
Soitheach le dhá leathsféar Magdeburg sa 17ú haois.
-
Soitheach le dhá leathsféar Magdeburg i 1994.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Otto von Guericke". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 336.