Peadar III na Rúise
Bhí Peadar III (Rúisis: Пётр III Фёдорович, Pyotr III Fyodorovitch) ina impire ar an Rúis ar feadh sé mhí sa bhliain 1762. Bhí sé pósta le Caitríona II agus tháinig sise isteach ina áit nuair a ruaigeadh é ar an 9 Iúil. D'éag sé agus é faoi ghlas sa bhaile Ropsha, ach cuireadh i gCathair Pheadair é.