Peirspictíocht

San ealaín, aon mhodh inar féidir iomrall na doimhneachta a bhaint amach ar dhromchla leata is ea peirspictíocht.[1]
Chomh maith leis an gcóras eolaíoch aonphointe a cheap Brunelleschi timpeall 1420, bhíodh córais eile in úsáid. Tá an chuid is mó díobh bunaithe ar an bhfíoras go mbíonn cuma níos lú ar réada i gcomhréir lena bhfad ón bhféachadóir, agus go dtagann línte comhthreomhara cúlaithe le chéile ar an léaslíne ag pointe a dtugtar an pointe comhdhruidteach air.
Shaothraigh na Gréagaigh an pheirspictíocht eolaíoch mar fho-thoradh ar a staidéar ar optaic is geoiméadracht, ach ní raibh an t-eolas seo ag na hÉigiptigh.
Ba cheannródaithe ar theoiric is feidhmiú na peirspictíochta san ealaín Alberti, Uccello, Dürer is Leonardo,[2] agus scríobhadh cuid mhaith téacsleabhar ar an ábhar sa 17ú-18ú céad.[3]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Peirspictíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 514.