Plúr
![]() | |
Bunús | |
---|---|
Dáta cruthaithe | 14 mílaois "RCh" |
Sonraí | |
Cineál | púdar, príomhbhia agus shelf-stable food (en) ![]() |
Modh ullmhúcháin | Q37914042 ![]() |
Príomh-chomhábhair | grán |
Púdar is ea an plúr a déantar as gráinní de ghránaigh a mheilt, nó as síolta eile, nó as fréamhacha. Plúr agus uisce na comhábhair bhunúsacha i gcomhair aráin a dhéanamh, an príomhbhia a mbíonn ag leor de dhaonra an Domhain. Bhí soláthar leordhóthanach plúir ina cheist mhór eacnamaíochta agus pholaitíochta ag amanna éagsúla i stair an phobal daonna. Tá plúr cruithneachta ar cheann de na bianna is tábhachtaí i gcultúir na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh, an Mheánoirthir agus Thuaisceart na hAfraice, agus is é an comhábhar a shainíonn stíleanna an chuid is mó dá n-arán agus taosráin. Bhíodh an grán buí nó an t-arbhar Indiach (Zea mays L.) tábhachtach sa chócaireacht Mheiriceá Láir ón gcianaois, agus tá sé fós in úsáid go coitianta i gcuid mhór den chócaireacht sa Mheiriceá Laidineach.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Plúr". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 527.