Planda

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPlanda
Plantae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo devegetable fat (en) Aistrigh, plant milk (en) Aistrigh, plant material (en) Aistrigh, plant-based food (en) Aistrigh, plant product (en) Aistrigh, plant proteins (en) Aistrigh agus plant fiber (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
ForfhearannBiota
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae Cuir in eagar ar Wikidata
Haeckel, 1866

Is eocaróit fhótaisintéiseacha den chuid is mó iad plandaí, a chruthaíonn an ríocht Plantae. Bíonn go leor acu ilcheallacha. Go stairiúil, chuimsigh ríocht na bplandaí gach rud beo nach ainmhithe iad, agus chuimsigh sé algaí agus fungais. Ní áirítear leis na sainmhínithe reatha go léir, na fungais agus cuid de na halgaí. De réir sainmhínithe amháin, cruthaíonn plandaí an clád Viridiplantae (Gaeilge: "plandaí glasa ") atá comhdhéanta de na halgaí glasa agus na hEmbryophyta (Gaeilge: suthfhítí nó plandaí talún). Áirítear orthu sin Anthocerotophyta, Marchantiophyta, Bryophyta, Lycophyta, Filicophyta, Pinophyta agus Gymnospermae eile, agus Angiospermae. Cuimsíonn sainmhíniú bunaithe ar ghéanóim na Viridiplantae, mar aon leis na Rhodophyta agus na Glaucophyta, sa chlád Archaeplastida.


Is eocaróit fhótaisintéiseach den ríocht Plantae iad plandaí den chuid is mó. Go stairiúil, chuimsigh ríocht na bplandaí gach rud beo nach ainmhithe iad, agus bhí algaí agus fungais san áirembh; mar sin féin, fágtar na fungais agus roinnt algaí as an áireamh sna sainmhínithe reatha ar Phlantae, chomh maith leis na prócaróit (na haircéigh agus na baictéir). De réir sainmhínithe amháin, cruthaíonn plandaí an clád Viridiplantae (ainm Laidine ar "phlandaí glasa") atá ina chomhchlád don Glaucophyta, agus atá comhdhéanta de na halgaí glasa agus na suthfhítí nó na hEmbryophyta (plandaí talún). Áirítear leis an dara ceann na plandaí bláthanna, uaircínigh agus Gymnospermae eile, raithneacha agus a gcomhghuaillithe, cornlaigh, aelusanna, caonaigh.

Is orgánaigh ilcheallacha iad formhór na bplandaí. Faigheann plandaí glasa an chuid is mó dá gcuid fuinnimh ó sholas na gréine trí fhótaisintéis le clóraplaist phríomhúil a dhíorthaítear ó hinsiombóis inchriosmaitóis le cianabhaictéir. Bíonn clóraifill ina gcuid clóraplast agus b, rud a thugann a ndath glas dóibh. Tá roinnt plandaí seadánacha nó míceatrófach agus chaill siad an cumas gnáthmhéideanna clóraifill a tháirgeadh nó fótaisintéis a dhéanamh, ach tá bláthanna, torthaí agus síolta acu fós. Tá atáirgeadh gnéasach agus ailtéarnú na nglún mar chomhartha sóirt ag pladaí, cé go bhfuil atáirgeadh éighnéasach coitianta freisin.

Tá thart ar 320,000 speiceas plandaí ar eolas, agus táirgeann a bhformhór mór, thart ar 260-290 míle díobh, síolta. Soláthraíonn plandaí glasa sciar suntasach d'ocsaigin mhóilíneach an domhain, agus is iad atá mar bhonn leis an gcuid is mó d'éiceachórais an Domhain. Is bianna bunúsacha daonna iad plandaí a tháirgeann grán, torthaí agus glasraí agus tá siad ceansaithe le na mílte bliain. Tá go leor úsáidí cultúrtha agus úsáidí eile ag plandaí, mar ornáidí, ábhair thógála, ábhar scríbhneoireachta agus ba fhoinse leigheasanna agus drugaí sícighníomhacha iad freisin. Tugtar luibheolaíocht, brainse den bhitheolaíocht, ar an staidéar eolaíoch ar phlandaí.


Seo a leanas na ceithre phríomhfhíleam i Ríocht na bPlandaí.

  1. Phylum Thallophyta
  2. Phylum Bryophyta
  3. Phylum Spermatophyta
  4. Phylum Pteridophyta

Naisc sheachtracha

Tagairtí