Polaisiúicríd
Is éard is polaisiúicríd ann ná móilín mór carbaihiodráite a éiríonn as polaiméiriú comhdhlúthaithe siúcraí chun naisc éitir a dhéanamh idir aonaid monaisiúicrídí. Cruthaíonn hidrealú polaishiúicríde siúcraí níos simplí. I measc na bpolasiúicrídí tá stáirse is ceallalós, iad araon ina bpolaiméirí glúcóis.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Polaishiúicrídí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 530.