Is é Port of Spain príomhchathair Thríonóid agus Tobága, agus é suite ar chósta thiar thuaidh de Oileán na Tríonóide. Is é an tríú bardasacht is mó sa tír i ndiaidh Chaguanas agus San Fernando. Lonnaigh na chéad choilínigh sa cheantar sna 1500idí, agus príomhbhaile riaracháin atá ann ón mbliain 1757 i leith. Sa bhliain 2011 bhí 36,963 duine sa chathair féin. Sa bhliain 1990 measadh go neamhoifigiúil go raibh 128,026 duine ina gcónaí i mórcheantar Port of Spain.