Cathair sa Bhrasaíl is í Porto Alegre. Tá sí suite i ndeisceart na tíre agus is í príomhchathair an Stát Rio Grande do Sul. Tá 1,509,939 duine ina gcónaí i bPorto Alegre agus 4,405,769 ina gcónaí sa cheantar cathrach. (daonáireamh 2010).