Prótasóin
Protozoa | |
---|---|
Sonraí | |
Galar | galar tógálach prótasónach seadánach |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Protozoa Goldfuss, 1818 |
Téarma neamhfhoirmeálta is ea prótasóin ar ghrúpa ilchineálach miocrorgánach aoncheallach a fhaightear beo saor, mar thomhaltaigh ábhair orgánaigh, in an-chuid saghsanna gnáthóg, mar sheadáin nó i gcomhar le horgánaigh eile. De ghnáth bíonn núicléas amháin iontu, ach uaireanta dhá cheann nó níos mó. Atáirgeann siad de ghnáth trí dheighilt ina dhá leath (eamhnú dénártha), ach is eol go bhfuil cásanna d'atáirgeadh gnéasach ann. Cuireann cuid mhaith díobh tús le galair.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Prótasóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 540.