Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Francis Joseph Christopher Skeffington ![]() 23 Nollaig 1878 Coill an Chollaigh ![]() |
Bás | 26 Aibreán 1916 37 bliana d'aois Beairic Chathal Brugha ![]() |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Aindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, gníomhaí ar son cearta vótála, Easparantóir ![]() |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Hanna Sheehy-Skeffington ![]() |
Páiste | Owen Sheehy-Skeffington ![]() |
Ba gníomhaí cearta daonna agus síochánaí Éireannach ó Choill an Chollaigh i gContae an Chabháin a bhí go mór ar son ceart vótála do mhná é Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún nó Francis Sheehy-Skeffington i mBéarla (23 Nollaig 1878 – 26 Aibreán 1916).
Spréach sé leis na héagóracha follasacha a bhí ann ag an am. Bhain íoróin nach beag leis nuair a cuireadh i bpríosún go héagórach é, íospartach neamhchiontach san aighneas 1916, agus dúnmharaíodh é.
Saol
Ba chéimí é de chuid UCD agus reachtaire ar Chumann L&H, COBÁC. Ba chara é le James Joyce, Oliver St. John Gogarty, Tom Kettle, agus athair Conor Cruise O'Brien.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/29/Hanna_Sheehy_in_1916.jpg/177px-Hanna_Sheehy_in_1916.jpg)
Phós sé Hanna Sheehy sa bhliain 1903 agus ghlac sé lena sloinne ina ainm féin. Tugadh Skeffy air scaití.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/3f/Francis_Skeffington.jpg/220px-Francis_Skeffington.jpg)
Dúnmharú
Dúnmharaíodh Sheehy Skeffington le linn Éirí Amach na Cásca. Gabhtar é ar 25 Aibreán 1916 in Portobello. Níor ghlac Sheehy Skeffington aon pháirt san éirí amach. Bhí grúpa daoine á chruinniú aige ag an am chun cosc a chur ar chreach siopaí agus gnóthaí.
Coimeádadh siar faoi choinneáil é agus, ar deireadh, lámhachadh é ag saighdiúirí na Breataine faoi threoir J.C. Bowen-Colthurst, captaen (cinneadh a tharraing trioblóid air níos déanaí).[3]
Tagairtí
- ↑ Watkins, Sarah-beth.. "Irelands suffragettes - the women who fought for the vote.". OCLC 1023177652.
- ↑ "Bóthar Ráth Maonais Íochtarach/Rathmines Road Lower" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-04-26.
- ↑ "UCD - DEICH MBLIANA - Decade Of Centenaries" (en). Scribd. Dáta rochtana: 2020-04-24.