Ceann de na 31 stát de chuid Mheicsiceo is ea Querétaro, agus é suite i lár na tíre sa réigiún ar a dtugtar Bajío. Tá sé ar cheann de na stáit is lú sa tír. Is é Santiago de Querétaro an phríomhchathair agus an chathair is mó. Bhí 1,924,144 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2012.