Réalteolaí

WD Bosca Sonraí GairmRéalteolaí
Cineál fostaíochta
eolaí
Réimse oibre
réalteolaíocht


The Astronomer le Johannes Vermeer, 1668. Tá réalteolaí ag obair le feiceáil sa phictiúr.

Is é is réalteolaí ann ná duine a dhéanann staidéar agus taighde ar an réalteolaíocht, is é sin, ar na réaltaí, ar na reanna neimhe agus ar na dlíthe nádúrtha a stiúrann iad. An té a rachaidh leis an réalteolaíocht mar shlí bheatha, caithfidh sé an fhisic agus an mhatamaitic a fhoghlaim go maith freisin, ós rud é go mbeidh scileanna sna heolaíochtaí seo ag teastáil go géar uaidh.

Inniu, úsáidtear a lán gléasanna teicneolaíochta i dtaighde réalteolaíochta, ar nós teileascóp Hubble agus na ríomhairí, le maolú ar an strus a bhaineann leis an taobh matamaiticiúil den réalteolaíocht..

Réalteolaithe tábhachtacha

Réalteolaí Fionnachtana
Nioclás Copernicus (1473-1543) B'é Copernicus (Polainnis: Mikołaj Kopernik) an chéad réalteolaí tábhachtach sna nua-aoiseanna a chuir an grianlárnachas chun cinn mar thuiscint ar ghluaiseachtaí na bpláinéad.
Galileo Galilei (1564-1642) B'é Galileo Galilei ba túisce a bhain úsáid as an teileascóp le taighde a dhéanamh ar na reanna neimhe. B'eisean a chuir an chéad sonrú sna ceithre ghealach is mó de chuid Iúpatair.
Isaac Newton (1643-1727) D'fhoilsigh sé Philosophiae Naturalis Principia Mathematica, mórshaothar eolaíochta, inar leag sé amach dlíthe nádúrtha na gluaiseachta.
Subramanayan Chandrasekhar (1910-1995) Chuir sé teoiric coibhneasachta Albert Einstein in oiriúint don réalteolaíocht. D'áirigh sé teorainn Chandrasekhar agus rinne sé an-fhorbairt ar thuiscint na heolaíochta ar na dúphoill.
Jocelyn Bell Burnell (1943 - ) Is réalteolaí Éireannach í Bell Burnell. D'aimsigh sí an chéad radaphulsár.