Ray Tomlinson
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Raymond Samuel Tomlinson ![]() 23 Aibreán 1941 Amsterdam, New York ![]() |
Bás | 5 Márta 2016 74 bliana d'aois Lincoln, Massachusetts ![]() |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Pholaiteicnice Rensselaer Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts - innealtóireacht leictreach (–1965) ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Eolaí ríomhaireachta |
Gairm | ríomhchláraitheoir, cumadóir ![]() |
Tréimhse oibre | 1971 – |
Fostóir | BBN Technologies (en) ![]() ![]() |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | openmap.bbn.com… ![]() |
Innealtóir ríomhaire, ceapadóir an ríomhphoist, a rugadh i Vale Mills, Nua-Eabhrac, sa bhliain 1941 ab ea Ray Tomlinson. Rinne sé obair do Roinn Cosanta na Stát Aontaithe ar líonra ríomhaire ghníomhaireacht na scéimeanna ardtaighde (ARPANET), réamhtheachtaire don Idirlíon. I 1971 cheap sé bealach chun teachtaireacht a sheoladh ó úsáideoir ar ríomhaire amháin chuig úsáideoir ar ríomhaire i gcéin. Roghnaigh sé an tsiombail @ chun ainm an úsáideora a scaradh ó ainm an ríomhaire a bheadh ag fáil na teachtaireachta.
D'fhás Tomlinson aníos i Vale Mills, Nua-Eabhrac. Rinne sé staidéar insan Rensselaer Polytechnic Institute in Troy, New York, áit ar bhain sé céim B.S. amach i 1963 agus ansin sa Massachusetts Intstitute of Technology. Bhronn MIT céim M.S. air sa bhliain 1965.
Fuair sé bás ar an 5 Márta 2016.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ray Tomlinson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 669.