Reiteanól
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 286.23 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Ról | essential medicine (en) , vitamer (en) agus príomh-mheitibilít |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | C₂₀H₃₀O |
SMILES canónta | Model 2D CC1=C(C(CCC1)(C)C)C=CC(=CC=CC(=CCO)C)C |
SMILES isiméireach | CC(=C/CO)\C=C\C=C(C)\C=C\C1=C(C)CCCC1(C)C |
InChI | Model 3D |
An fhoirm ghníomhach de vitimín A, intuaslagtha in ola, atá le fáil sa chothú i margairín, éisc olúla is saill déiríochta. Feidhmíonn sé chun iomláine an chraicinn is na scamhóg (na fíocháin eipitéiliacha) a chaomhnú, agus baineann sé le sintéis purpal amhairc a chinneann cumas an duine a amharc a oiriúnú don dorchadas. Má tharlaíonn uireasa vitimín A cuirfidh sé sin isteach ar chumas duine a amharc a oiriúnú don dorchadas, agus más trom an uireasa é féadfaidh sé éirí go hiomlán dall. Is féidir reiteanól a shintéisiú as caraitéin, a fhaightear ó chairéid is glasraí glasa duilleogacha, agus is ar an ábhar seo a chreidtear go gcabhraíonn cairéid le hamharc na súl istoíche.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Reiteanól". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 557.