Rialú bitheolaíoch
Is éard is rialú bitheolaíoch[1] ann ná rialú daonra speiceas ainmhithe nó plandaí le naimhde nádúrtha cosúil le creachadóirí nó seadáin. Cuimsíonn sé tabhairt isteach nó cabhrú le naimhde nádúrtha chun líon speiceas lotnaide a rialú. Tá teicníochtaí nua á saothrú chun rialú bitheolaíoch a chur i bhfeidhm: mar shampla, iompar atáirgthe na lotnaidí a réabadh le fireannaigh aimride a fhuasclaítear ina measc, scaipeadh fearamón atá tábhachtach i gcúpláil na lotnaidí, nó úsáid aomthóirí mar bhaoite i ngaistí.[2]
Tagairtí
- ↑ ““rialú bitheolaíoch” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-19.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Rialú bitheolaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 558.