Richard Smalley
Ceimicí a rugadh in Akron, Ohio ab ea Richard E. Smalley (6 Meitheamh 1943 – 28 Deireadh Fómhair 2005). D'fhás sé aníos in Kansas City. Rinne staidéar ag Ollscoil Michigan (B.S., 1965), Ollscoil Princeton (Ph.D., 1973), agus Ollscoil Chicago (clár iar-dochtúra). Ollamh ag Ollscoil Rice in Houston, Texas a bhí ann agus ba in Houston a d'éag sé. Ceannródaí na nanaitheicneolaíochta a bhí ann.
Ag obair lena chomhghleacaithe Robert Curl is Harold Kroto ar ábhair leathsheoltacha, tháinig sé ar ábhar nua de thimpiste i 1985. Ag eisídiú adaimh carbóin as dromchla le léas léasair, á bhfuarú is á sú isteach i bhfolús, ba mhóilíní le 60 adamh carbóin iontu, is uaireanta le 70 adamh carbóin, a fuair siad mar thoradh den chuid is mó. Ba é seo 3ú allatróp an charbóin, C60. Graifít, a bhfuil cruth leatháin uirthi, is diamant, a bhfuil cruth teitrihéidreach air, an dá cheann eile. Chinn na taighdeoirí gur cruth cáis sféarúla, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, cosúil le liathróid sacair, a bhí san allatróp nua, le hadamh carbóin ag gach cúinne. Tús ab ea na millíní Bucky nó na fullairéiní seo le réimse torthúil lán-nua ceimice, an nanaiceimic. Bronnadh Duais Nobel na Ceimice ar an triúr i 1996.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Richard E Smalley". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 607.