Síocháin Westfalen
Cineál | conradh síochána |
---|---|
Dáta na bliana | 24 Deireadh Fómhair 1648 |
Suíomh | Prinzipalmarkt, An Ghearmáin (en) Osnabrück Town Hall, An Ghearmáin (en) |
Sínitheoir | |
Le cuid | |
Sa bhliain 1648, síníodh Síocháin Westfalen agus cuireadh deireadh leis an gCogadh Tríocha Bliain.
Ar 30 Eanáir 1648, thángthas ar shocrú maidir le téarmaí Shíocháin Münster, trínar thug an Spáinn aitheantas foirmiúil do Phoblacht na hÍsiltíre mar stát neamhspleách. Is é seo an chéad cheann de na conarthaí a rinneadh sa bhliain 1648 ar a dtugtar Síocháin Westfalen i dteannta a chéile.[1]
Bhí caibidlí ar siúl in Osnabrück agus Münster i Westfalen.
Fuair na Sualannaigh airgead, agus smacht ar iarthar Pomerania, Bremen agus Verden, agus fuair na Francaigh Alsace. Cuireadh deireadh le smacht an Impire ar phrionsaí na Gearmáine.
Dlí idirnáisiúnta
Meastar go hiondúil gurb é Síocháin Westfalen bunús na bprionsabal go bhfuil na stáit ceannasach agus nach féidir le stát amháin a ladar a chur isteach gnóthaí baile aon tíre eile. Is orthusan atá an dlí idirnáisiúnta bunaithe go fóill.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC. "Síocháin Münster" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-30.