Is í Santiago de los Treinta Caballeros, lena hainm iomlán a thabhairt di, príomhchathair chúige Santiago sa Phoblacht Doiminiceach, agus tá sí suite 115km siar ó thuaidh ó phríomhchathair na tíre Santo Domingo. Bhunaigh Críostóir Colóim dún Santiago sa bhliain 1495.
Tá talamh an-torthúil sa réigiún agus eacnamaíocht na cathrach bunaithe ar an talmhaíocht. Timpeall leathmhilliún duine a chónaíonn sa chathair anois.