Saoirse Ronan

Aisteoir Éireannach is ea Saoirse Úna Ronan a rugadh sna Bronx i Nua-Eabhrac ar 12 Aibreán 1994. Thuill sí clú idirnáisiúnta den chéad uair sa scannán úd ón mbliain 2007 Atonement. Ainmníodh í do Academy Award for Best Supporting Actress ag an am i measc gradam eile. I mí Feabhra na bliana 2016 tá sí le dul ar stáitse Broadway den chéad uair agus í mar Abigail Williams in athstáitsiú an dráma The Crucible.