Scútar leictreach

Scútar leictreach
Scútair éagsúla i Stócólm
Scútair cathracha i Tomaszów Mazowiecki, An Pholainn

Is scútar scútar le hinneall é scútar leictreach, nó r-scútar, atá faoi thiomáint ag molmhótar leictreach ina roth tosaigh agus/nó ar chúl. Aicmithe mar chineál micrea-shoghluaisteacht, [1] déantar na scútair seo go ginearálta le deic mhór sa lár ar a bhfuil an rothaí ina sheasamh. Tugtar seas-scútar leictreach air uaireanta.

Stair

Ba é Autoped i Nua Eabhrac a rinne an chéad scútar le hinneall sa bhliain 1915, agus inneall beag dócháin inmheánaigh ann.[2]

Sna 2010idí-2020idí, mhéadaigh an t-éileamh ar scútair leictreacha. Tugadh isteach córais comhroinnte scútar a úsáideann aipeanna a ligeann d’úsáideoirí na scútair a fháil ar cíos faoin nóiméad a fhaightear iad.

Ach núis poiblí atá ann, a deirtear. Níos measa, ba chúis le ceallraí ian litiam tinte agus deatach dubh tiubh ar an gcóras iompair phoiblí i Maidrid, Barcelona srl. Tháinig cosc ar r-scútar i bhfeidhm sna 2020idí timpeall an domhain.[3][4][5]

In Éirinn

Sa bhliain 2024, dúirt an tUdárás Náisiúnta Iompair go dtagann lochtanna inmheánach sna ceallraí agus gur féidir leo téamh an iomarca agus dul trí thine. Cuireadh comhairle chun na r-scútair a chosc ar oibrithe an chórais iompair phoiblí, de bhun na himní a bhaineann leis na ceallraí ian litiam a úsáidtear iontu.[6]

Cuireadh cosc ar scútair leictreacha dul ar bhusanna, ar thramanna agus ar thraenacha in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2024. Clúdaíonn an cosc seo scútair is féidir a fhilleadh nó a iompar, ach níl rothair leictreacha ná scútair soghluaisteachta san áireamh ann. Dar leis an Údarás nach bhfuil an smacht ar chaighdeáin i ndéantúsaíocht na scútar leictreach chomh forbartha céanna is atá sé i gcás na rothar leictreacha agus na scútar soghluaisteachta, ar cuireadh faoi réir rialachá níos faide siar. Dá bhrí sin ní bhaineanna an leibhéal céanna riosca leo.[6]

Féach freisin

Tagairtí

  1. "Micromobility is the future of urban transportation
  2. "Autoped" (as en) (2024-08-17). Wikipedia. 
  3. Tamara Davison (2023-08-30). "Where are e-scooters banned?" (en). Evening Standard. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  4. "Melbourne e-scooter ban prompted by public outrage" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  5. "TfL ban on e-scooters and e-bikes (1) | London City Hall". web.archive.org (2023-06-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-06-13. Dáta rochtana: 2024-08-27.
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2024-08-26). "Cosc ar scútair leicteacha ar an gcóras iompair poiblí mí DF." (as ga-IE).