Scráibeach
![]() ![]() | |
Cineál | galar prióin ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | tréidliacht agus néareolaíocht ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0276444 ![]() |
MeSH | D012608 ![]() |
UMLS CUI | C0036457 ![]() |
DOID | DOID:5434 ![]() |
Galar forchéimnitheach meathlúcháin sa néarchóras i gcaoirigh is gabhair ar fud an Domhain. Is féidir nach mbeidh na siomptóim le feiceáil go dtí cúpla bliain i ndiaidh an ionfhabhtaithe. Tá dhá fhoirm den ghalar ann. I gceann acu, tarlaíonn tochas doshrianta, ionas go scríobann an t-ainmhí é féin i gcoinne réad. Sa cheann eile tagann sáimhríocht, creathán cinn is muiníl, agus pairilis na gcos ar an ainmhí. Faigheann an t-ainmhí galraithe bás taobh istigh de leathbhliain tar éis teacht chun cinn na siomptóm. Víreas is bun leis, agus meastar go mbíonn tógálacht ghéiniteach ag ainmhithe áirithe dó.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scráibeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.