Severo Ochoa
Bithcheimicí a rugadh i Luarca na Spáinne agus a d'oibrigh sna Stáit Aontaithe ab ea Severo Ochoa de Albornoz (24 Meán Fómhair 1905 – 1 Samhain 1993).
Rinne sé taighde ar na heinsímí a thagann san áireamh i sintéis agus dianscaoileadh nádúrtha na n-aigéad ribeanúicléasach (RNA) is dí-ocsairibeanúicléasach (DNA).
Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1959 le Arthur Kornberg. Fuair sé bás i Maidrid.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Severo Ochoa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 491.