Stratabholcán mór gníomhach i Sliabhraon na Cascáide, i Réigiún an Aigéin Chiúin Thiar Thuaidh sna Stáit Aontaithe, is ea Sliabh Rainier, (Béarla: Mount Rainier). Tá an sliabh suite i bPáirc Náisiúnta Shliabh Rainier, timpeall 95 km soir ó dheas ó Seattle. [1] Le airde mullaigh de 4,392 m,[2][3] is é an sliabh is airde i Stát Washington, agus an sliabh is suntasaí go topagrafach sna Stáit Aontaithe thadhlacha [4] agus an sliabh is airde i Stua Bolcánach na Cascáide.