Sliabhraon in Iarthar Mheiriceá Thuaidh é Sliabhraon na Cascáide a ritheann ó dheisceart na Colóime Briotanaí aduaidh trí Stát Washington agus Stát Oregon a fhad le tuaisceart California. Sliabhraon bolcánach é Sliabhraon na Cascáide, agus an chuma ar an scéal go bhfuil cuid mhaith de na bolcáin ansin gníomhach i gcónaí. Na brúchtanna bolcánacha a tharla i Meiriceá Thuaidh ó thosaigh an cuntas staire, is i Sliabhraon na Cascáide a tharla siad go léir.