Baile in Éirinn is ea Srath an Urláir[1] (Béarla: Stranorlar) in oirthear Chontae Dhún na nGall, agus é suite cois Abhainn na Finne. Taobh eile den abhainn tá Bealach Féich, agus lena chéile tugtar 'An Cúpla' (nó The Twin Towns as Béarla) ar an dá bhaile. Idir an dá bhaile, bhí 4,852 dhuine ina gcónaí sa bhliain 2016, an uimhir chéanna go díreach mar a bhí sa bhliain 2011.[2]