Stair na Stát Aontaithe

Thug na coilínígh go leor den ilchríoch faoina smacht i rith an 18-19ú céad

Sa bhliain 1783, eagraíodh coinbhinsiún bunreachtúil, an Coinbhinsiún ar an mBunreacht. Bhí sé ar intinn ag na teachtaí rialtas náisiúnta láidir a chruthú. Ar an 17 Meán Fómhair 1787, glacadh le Bunreacht na Stát Aontaithe.

Cinniúint fhollasach (Manifest Destiny): Léiriú fáthchiallach ar nuachóiriú an iarthar nua is ea American Progress (1872) le John Gast. Léirítear Columbia, pearsanú de chuid na Stát Aontaithe, ag treorú na lonnaitheoirí Meiriceánacha.Taispeántar í ag tabhairt solais ón oirthear go dtí an iarthar, ag sreangadh sreang teileagraif agus ag coinneáil leabhar. [1] Cuireadh béim ar chéimeanna éagsúla de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus de mhodhanna iompair ag an am

Croineolaíocht

Coilíneachas

Tá nós ag na Meiriceánaigh sa stair críocha daoine eile a ghabháil chucu féin (Louisiana agus Alasca go háirithe). Is maith an tuiscint ar an nós seo atá ag muintir bhundúchasach Mheiriceá Thuaidh, mar gheall ar shraith cogaí ar feadh na gcianta a fhad le Wounded Knee in 1890, ag na Meicsicigh, a chaill beagnach leath dá gcríoch i gcogadh idir 1846 agus 1848, ag na Colómaigh, ar sciob Teddy Roosevelt agus a Rough Riders Críoch Panama uathu sa bhliain 1903 agus a ndearnadh ‘poblacht neamhspleách’ de ar mhaithe le canáil ó aigéan go haigéan a chur tríd, agus neart eachtraí comhchosúla eile.[2]

Féach freisin

Tagairtí

  1. Mountjoy (2009). "Manifest Destiny: Westward Expansion". Infobase Publishing. ISBN 9781438119830. 
  2. Cathal Ó Murchú (2025-01-31). "Súile Santacha SAM ar an nGraonlainn – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-02-04.