Steigeasár
Stegosaurus | |
---|---|
Sonraí | |
Príomhfhoinse bia | luibhiteoir |
Fad | 9 m |
Airde | 3 m |
Mais | 7 t |
Tréimhse ama | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Ornithischia |
Fine | Stegosauridae |
Fofhine | Stegosaurinae |
Géineas | Stegosaurus Marsh, 1877 |
Méid | |
Ba dhineasár mór é an steigeasár a mhair le linn na tréimhse Iúrasaí. Ba é an ball is mó dá mhuintir é. Luibhiteoir a bhí ann agus d’úsáideadh sé a eireaball spíceach chun é féin a chosaint ó chreachadóirí. Chomh maith leis sin bhí plátaí dronuilleogacha ag rith síos a droim. Bhí sé seacht méadar ar fhad agus suas le cúig thonna meáchain. Chuaigh sé in éag ag deireadh na tréimhse Iúrasach. Faightear iontaisí an dineasáir seo i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip. Mhair sé le dineasáir eile ar nós Apatosaurus, Diplodocus agus Allosaurus. Tá sé ar cheann de na Dineasáir is cáiliúla agus is inaitheanta.