Stróc teasa
Cineál | hipirteirme agus stróc teasa |
---|---|
Speisialtacht leighis | leigheas éigeandála |
Aicmiú | |
ICD-10 | T67.0 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 5690 |
MedlinePlus | 000056 |
MeSH | D013474 |
UMLS CUI | C0038819 |
Éirí i dteocht duine (go minic os cionn 41 °C) nó ainmhí eile, a tharlaíonn nuair is mó an táirgeadh teasa sa cholainn ná an chailliúint teasa, mar shampla in obair nó aclaíocht throm, tinneas fiabhrasach, nó le linn do theocht na timpeallachta a bheith ró-ard. Éiríonn na torthaí cliniciúla ón ardú teochta is dísciú. Tarlaíonn laige is urlacan, agus ina dhiaidh sin cailliúint comhfheasa is cliseadh na nduán. Mar chóireáil, ní mór an cholainn a fhuarú go práinneach is a hiodráitiú. Tugtar béim gréine ar an riocht seo freisin, ach ní gá go mbeidh duine amuigh faoin nGrian chun go dtarlóidh sé.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Stróc teasa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 630.