Támhshuanach
Ceimiceán a laghdaíonn céadfacht nó a chuireann codladh ar dhuine is ea támhshuanach nó támhshuanaigh (Béarlaː narcotic). Eiseamláirí is ea moirfín, hearóin, cócaon, codlaidín is a ndíorthuithe. Úsáidtear iad sa mhíochaine chun faoiseamh ó phian a thabhairt.
Is féidir dáileog iomarcach a bheith ciontach as támhnéal nó cóma a chur ar dhuine, fiú bás. Úsáidtear go mídhleathach iad go forleathan ar fud an domhain, ciapadh idirnáisiúnta amach is amach mar go n-éiríonn daoine andúileach iontu go héasca agus is marfach an trádáil choiriúil sna drugaí seo.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Támhshuanach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 642.