Tailidimíd
![]() | |
Spriocghalar | Bellini duct carcinoma (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
---|---|
Sonraí cliniciúla | |
Riosca le linn toirchis | Australian pregnancy category X (en) ![]() ![]() |
Bealach | riarachán béil |
Grúpa cógaseolaíochta | comhdhúil cheimiceach |
Cód ATC | L04AX02 |
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
Foirmle | C13H10N2O4 |
Mais mhóilíneach | 258.064057 Da |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 50-35-1 |
PubChem (SID) | 5426 |
IUPHAR/BPS | 7327 |
DrugBank | 01041 |
ChemSpider | 5233 |
UNII | 4Z8R6ORS6L |
KEGG | C07910 agus D00754 |
ChEBI | 74947 |
ChEMBL | CHEMBL468 |
ECHA | 100.000.029 |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9e/Pack_of_Thalidomide_tablets.jpg/220px-Pack_of_Thalidomide_tablets.jpg)
Is éard atá sa tailidimíd ná cineál suaimhneasán, druga a úsáidtear chun othair imníocha a shuaimhniú gan iad a chur ina gcodladh.
Druga
Móilín círiúil é móilín na tailídimíde, is é sin, tá an tailidimíd comhdhéanta as dhá chineál móilíní - eanantaiméirí, nó isiméirí optúla - ar scáilí scáthánacha dá chéile iad. Mar a thuigtear inniu, níl ach ceann den dá eanantaiméir ina theiritigin, agus an ceann eile ina chógas úsáideach.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/e1/Thalidomide3Dan.gif/220px-Thalidomide3Dan.gif)
Inniu baintear úsáid áirithe as an tailidimíd fós mar chógas ailse agus lobhra.Tá fianaise ann go mb'fhéidir gur oibreán cumasach frithailseach an tailidimíd, mar cuireann sé bac ar fhás fuileadán a chothódh an siad.
Stair
Tugadh isteach an druga san Iar-Ghearmáin ar 1 Deireadh Fómhair,[1] sa Bhreatain sa bhliain 1958, in Éirinn i mí na Bealtaine 1959[2] agus ina dhiaidh sin i gcuid mhaith tíortha eile (seachas na Stáit Aontaithe áfach)[3]. D'éirigh sí an-choitianta (ní raibh ródháileog thromábhal marfach, fiú).[4] Go háirithe tugadh isteach Tailídimíd mar dhruga ar oideas le cóir leighis ar thinneas maidne.[5]
Ar an drochuair, fuarthas amach de réir a chéile gur teiritigin a bhí inti, ábhar a chuir tús le míchumaí comhbheirthe. Is é an toradh a bhí air seo nó gur rugadh leanaí le míchumais fhisiciúla.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8c/FDA_History_-_Dr._Kelsey_and_John_F._Kennedy.jpg/220px-FDA_History_-_Dr._Kelsey_and_John_F._Kennedy.jpg)
Tarraingíodh siar í ó 1961 ar aghaidh. Meastar gur tharla míchumaí mar easpa géag nó codanna géag do 20% ar a laghad de na leanaí a rugadh do mhná a thóg tailidimíd le linn a dtoirchis: níos mó ná 10,000 leanbh.
Laoch an phobail
Sna Stáit Aontaithe, ní raibh an tÚdarás Bia agus Drugaí i bhfabhar agus ní raibh Dr. Frances Kelsey sásta cead a thabhairt don druga nua. I Lúnasa 1962, fuair sí "the President’s Award" ó John F. Kennedy.[6]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ "Leathanach Baile". Irish Thalidomide Survivors Society. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-27. Dáta rochtana: 2020-10-01.
- ↑ "Thalidomide story" (en-CA). No Limits. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-08. Dáta rochtana: 2020-10-01.
- ↑ Anois is gá do dhéantúsóirí drugaí a chruthú nach bhfuil aon iarmhairt theiritigineach ag druga nua i gcomhair daoine chun cead dlíthiúil a fháil é a chur ar an margadh.
- ↑ Tim Healy. "High Court gives directions on how Thalidomide compensation cases should progress" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-10-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2013-02-26). "TAILIDIMÍDE: cúiteamh luaite sa gClár Rialtais á lorg" (as ga).
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tailídimíd". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 638.