Taranis
Cineál | dia de chuid na gCeilteach dia na toirní ![]() |
---|---|
Comhthéacs | |
Miotaseolaíocht | Na Ceiltigh ![]() |
Dáta | |
Inscne | fireann ![]() |
Eile | |
Comhionann | Iúpatar agus Celtic wheel god (en) ![]() ![]() |
I miotaseolaíocht na gCeilteach, dia na toirní is ea Taranis (Prótai-Cheiltis: * Toranos, níos luaite * Tonaros; Laidin: Taranus), a d'adhrtaí go príomha sa Ghaill, leithinis na hIbéire, an Bhreatain agus Éire, ach freisin i nDúiche na Réine agus i gceantar na Danóibe, i measc eile. Rinne an file Rómhánach, Lucan trácht ar Taranis, i dteannta le hEsus agus Toutatis, ina dhán Pharsalia mar dhia na gCeilteach dá ndearnadh íobairtí daonna.[1] Bhí nasc idir Taranis, maraon le Cioclóp Brontes ("toirneach") i miotaseolaíocht na Gréige, leis an roth.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/30/Gundestrup_C.jpg/220px-Gundestrup_C.jpg)
Feictear sa Ghaill an-chuid léirithe de dhia féasógach agus caor thintrí i láimh amháin aige agus roth sa láimh eile. Is amhlaidh gur nascadh le chéile é le Iúpatar na Rómhánach.[2]
Tagairtí
- ↑ Marcus Annaeus Lucanus. Pharsalia, Book I Curtha i gcartlann 2006-05-02 ar an Wayback Machine
- ↑ Paul-Marie Duval. 2002. Les Dieux de la Gaule. Páras, Éditions Payot.