Ted Stevens
Ba sheanadóir na Stát Aontaithe sinsearach ó Alasca é Theodore Fulton "Ted" Stevens (18 Samhain, 1923 - 9 Lúnasa, 2010). Ba bhall den Pháirtí Poblachtach é. Ba é an Seanadóir Poblachtach ab fhaide freastal sa Seanad lena linn.
Ba é an tUachtarán pro tempore é ar Sheanad Stát Aontaithe Mheiriceá go dtí 3 Eanáir, 2007 nuair a ghabh an Páirtí Daonlathach tromlach na suíochán ann agus tugadh an cúram sin do Robert Byrd. D'fhreastail Stevens sa Seanad ón bhliain 1968 i leith gan sos. Bhí clú air as a dhílseacht d'Alasca agus tharraing sé saibhreas chuig an stát. Sa deireadh, cuireadh mí-iompar le hairgead ina leith agus chaill é a phost sa toghchán sa bhliain 2008.
Rugadh in Indianapolis, Indiana sa bhliain 1923 é. San Dara Cogadh Domhanda bhí sé ina phíolóta in Arm SAM leis na Tíogair Eitilte sa tSín, ó 1943 go 1946. Tháinig sé slán as tionóisc eitleáin ina bhfuair a chéad bhean chéile bás sa bhliain 1978. Fuair sé féin bás i dtimpiste eitleáin bhig in Alasca ar an 9 Lúnasa, 2010 in éineacht le ceathrar eile agus iad ar a mbealach go lóiste iascaigh in iardheisceart an stáit.