Teimisticléas
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 524 "RCh" an Aithin, An Ghréig |
Bás | 459 "RCh" 64/65 bliana d'aois Magnesia cois Menderes |
Archon eapainmneach | |
492 "RCh" – 491 "RCh" | |
Strategos | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, saighdiúir |
Tréimhse ama | Seandacht chlasaiceach |
Teangacha | An tSean-Ghréigis agus An tSean-Pheirsis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | An Aithin Chlasaiceach |
Céim mhíleata | strategos |
Coinbhleacht | Cogaí Gréag-Pheirseacha |
Teaghlach | |
Céile | Archippe |
Páiste | Archeptolis, Nikomache, Mnesiptolema, Áise |
Athair | Neocles agus Abrotonum |
Polaiteoir agus ginearál Aithneach ab ea Teimisticléas (Gréigis: Θεμιστοκλῆς; "Glóir an Dlí"); c. 524-459 RC.
Bhí sé ar dhuine de phór nua pholaiteoirí, i dteannta a chéile comhraic Aristides, a tháinig chun tosaigh i mblianta luatha an daonlathais Aithnigh.
Mar pholaiteoir, bhí Teimisticléas ina phobalóir, a bhí ag brath ar tacaíocht ó Aithnigh ísealaicmeacha, agus a bhí de ghnáth i gcoimhlint leis na huaisle Aithneacha.
Tofa ina 'archon' (Gréigis: ἄρχων, 'Rialtóir' nó 'Tiarna') sa bhliain 493 RC, ghlac sé céimeanna chun cumhacht chabhlach na hAithne a mhéadú, agus a bhí ina nós athfhillteach ina shaol polaitiúil.
Le linn chéad ionradh na bPeirseach ar an Ghréig, throid sé ag Cath Mharatóin, agus b'fhéidir gur cheann de na 10 strategos (Gréigis: στρατηγός, ginearál) sa chath é.