Teiripe chrágtha
MeSH | D015913 |
---|
Cóireáil ar dhuine a nimhíodh le miotal trom, trí ábhair bhithcheimiceacha a thabhairt go hinfhéitheach chun go nascfaidh siad le hiain an mhiotail throim chun iad a díghníomhú is a bhaint amach as an gcolainn. Tugtar oibreáin chrágtha ar na hábhair a thugtar, agus bíonn siad difriúil ó othar go hothar, ag brath ar an miotal trom a ionghabhadh. Tá taighde ar siúl, féachaint an féidir teiripe den saghas seo a úsáid ar na deascthaí cailciam in artairiscléaróis, ach níl aon chruthú fós go bhfuil sí rathúil chuige seo.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teiripe chrágtha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.