Tuairt eitleáin Yevgeny Prigozhin, 2023
| ||||
Cineál | timpiste aerárthach suspicious death (en) ![]() ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | suspicious deaths of Russian businesspeople (2022–present) (en) ![]() ![]() | |||
Dáta na bliana | 23 Lúnasa 2023 ![]() | |||
Tréimhse ama | An Rúis faoi Putin ![]() | |||
Suíomh | Kuzhenkino, An Rúis (en) ![]() Kuzhenkino, An Rúis (en) ![]() Cúige Tver, An Rúis ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | an Rúis ![]() | |||
Aerárthach | Legacy 600 (en) ![]() | |||
Pointe imeachta | Sheremetyevo International Airport, An Rúis (en) ![]() | |||
Críochphointe | Pulkovo Airport, An Rúis (en) ![]() | |||
Oibreoir | Wagner Group (en) ![]() | |||
Aircraft registration (en) ![]() | RA-02795 ![]() | |||
Íospartach | Yevgeny Prigozhin (en) ![]() Dmitry Utkin (en) ![]() Valery Chekalov (en) ![]() ![]() | |||
Líon básanna | 10 ![]() | |||
Líon gortaithe | 0 ![]() | |||
Líon na marthanóirí | 0 ![]() | |||
Ar 23 Lúnasa 2023, phléasc Embraer Legacy 600 san aer in Tver Oblast sa Rúis, i gceantar tuaithe leath bealaigh idir Moscó agus Cathair Pheadair.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/83/Yevgeny_Prigozhin_%2813-06-2023%29.jpg/220px-Yevgeny_Prigozhin_%2813-06-2023%29.jpg)
Bhí Yevgeny Prigozhin, ceannasaí an ghrúpa amhas Wagner (comhlacht príobháideach míleata sa Rúis), ar bord. Is amhlaidh a maraíodh gach duine den deichniúr a bhí ar an eitleán. Chomh maith le Prigozhin, bhí leascheann feadhna Wagner, Dmitry Utkin, ina measc.[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5c/Dmitry_Utkin_passport_photo_%28cropped%29.jpg/220px-Dmitry_Utkin_passport_photo_%28cropped%29.jpg)
Cúlra
Duine atá i bhfad amach ar an eite dheis ba ea Prigozhin. Bhí sé thar a bheith míshásta leis an easpa tacaíochta, dar leis – a bhí lucht Wagner a fháil ó Arm na Rúise in oirthear na hÚcráine. Chuaigh sé chun ceannairce ar stát na Rúise i dtús an tsamhraidh 2023. Rinne Putin socrú le Prigozhin a chuir deireadh an-tapa leis an éirí amach.[2]
Tháinig Prigozhin ar chomhréiteach le Vladimir Putin, uachtarán na Rúise is cosúil. Tuairiscíodh in amanna éagsúla ó shin é a bheith sa Bhealarúis agus san Afraic.[1]
Ach bhí na naimhde go leor aige, a chuid céilí comhraic, na hantoiscigh ar dheis ar fad Tuairimítear go raibh a rás rite faoin am sin agus gur ina chuid uabhair a bhí a threascairt.[1]
Imeachtaí
Ní dúradh fós cé acu ar timpiste a bhí ann nó ar cuireadh an t-eitleán go talamh d'aon ghnó (buama ar bord b'fhéidir). Ach meastar go coitianta gurb amhlaidh gur feallmharaíodh ceannasaí Wagner. I bpostáil ar an meán sóisialta Telegram, dúirt dream a bhí bainteach le Wagner gur mharaigh "fealltóirí" [Rúiseacha] é.
Níor luaigh Putin an tuairt eitleáin i gcaint a rinne sé trí nasc físe ag cruinniú mullaigh BRICS san Afraic Theas.[3] Is cosúil go raibh sé náirithe.
Féach freisin
- Yevgeny Prigozhin
- Grúpa Wagner
- Ceannairc de chuid an ghrúpa Wagner
Tagairtí
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-08-24). "Prigozhin á chaoineadh ag a chomrádaithe, Putin neamhairdiúil" (as ga-IE).
- ↑ "Feallmharú á lua le tuairt eitleáin ina síltear a maraíodh ceannasaí Wagner, ach Putin ina thost" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-24). Dáta rochtana: 2023-08-24.
- ↑ Henry Foy, Max Seddon, Polina Ivanova, Felicia Schwartz (2023-08-24). "Yevgeny Prigozhin crash was not caused by surface-to-air missile, says US". Financial Times. Dáta rochtana: 2023-08-24.