Turtar
| Testudines | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Is foinse é an tacsón seo de | blaosc toirtíse agus ola thurtair |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Foríocht | Bilateria |
| Fíleam | Chordata |
| Aicme | Reptilia |
| Ord | Testudines Batsch, 1788 |
Sa mhíoleolaíocht, is péist den ord Chelonia nó Testudinata é an turtar. Is ainmhí mall ceathairchosach é agus blaosc nó sliogán láidir air, a mhaireann ar an bhfarraige de ghnáth[1], i gcodarsnacht leis an toirtís.
Cineálacha
- Toirtís an t-ainm a choimeádtar do na cineálacha a mhaireann ar tír,
- Tiripín do na cineálacha a chónaíonn in uisce úr agus atá inite.
- Is é an turtar droimleathair mara an ceann is mó, timpeall 400 kg maise. Maireann an turtar mara amuigh san fharraige an chuid is mó den am, gan teacht i dtír ach chun uibheacha a bhreith nó é féin a ghrianú.
- Itear an turtar glas mara níos mó ná aon cheann eile.
- Úsáidtear blaosc an turtar frithghobach mara go fairsing.
Tréithe
- Gialla láidre géara gan fiacla acu,
- an cholainn cumhdaithe i mblaosc de phlátaí cnámhacha,
- cónasctha le chéile le heasnacha is veirteabraí,
- faoi bhrat sciath adharcach.

Tá turtair éagsúla go leor ann[2];
- turtar abhann corónach
- turtar blaoscbhog ceannchaol
- turtar blaoscleathan
- turtar boinn óir
- turtar boscach cíleach
- turtar boscach uisceach

- turtar bréagshúileach
- turtar ceithreshúileach
- turtar cána foraoise
- turtar ceannramhar
- turtar clogaid
- turtar cluasdearg
- turtar coille sciamhach
- turtar corraigh dubh
- turtar dathannach lárnach
- turtar díonbhlaoscach
- turtar droimleathair mara
- turtar dubh
- turtar duilleach broinndubh

- turtar duillí broinndubh
- turtar eanaigh
- turtar eangbhéalach píbstríocach
- turtar fionnuisce
- turtar foraoise
- turtar frithghobach
- turtar glas mara
- turtar láibe
- turtar liopabhlaoscach
- turtar mucshrónach
- turtar píblúbach
- turtar píbnathartha

- turtar píbrua
- turtar píbstríocach
- turtar rédhroma
- turtar sábhdhroimeach
- turtar sclamhach

- turtar seiliditeach
- turtar spíonach
- turtar súileach
- lochthurtar ceannmhór
- ollturtar blaoscbhog
agus go leor eile.[3]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ "An Foclóir Beag: turtar" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2020-05-23.
- ↑ ""turtar"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-05-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Turtar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 683.