Uilliam II na Gearmáine
Ba é Uilliam II (27 Eanáir 1859 - 4 Meitheamh 1941) impire deireanach na Gearmáine (Kaiser). Bhí sé ina rí ar an bPrúis. Bhí sé i gceannas ar Impireacht na Gearmáine agus Ríocht na Prúise ón 15ú Meitheamh 1888 go dtí an 9ú Samhain 1918. Ba é an garpháiste is sinne ag Banríon Victoria na Breataine agus bhí sé gaolta le go leor de mhonarcaí agus prionsaí na hEorpa.
Rinneadh rí de in 1888, bhris sé an Seansailéir, Otto Von Bismarck, as a phost in 1890 agus chur sé an Ghearmáin ar "Chúrsa Nua" trodach i ngnóthaí eachtracha a chríochnaigh le eisean ag tabhairt tacaíocht don Ostair-Ungair ins an ghéarchéim i mí Iúil 1914 a chur tús leis an gCéad Chogadh Domhanda laistigh de chúpla lá. Bhí pearsa bladhmannach agus luathintinneach aige rinne sé cinntí agus ráítís místuama ar ábhair conspóideacha uaireanta gan chomhairle a fháil óna airí, ag críochnú le hagallamh tubaisteach leis an Daily Telegraph i 1908 agus chaill sé formhór a thionchar dá bharr. Shochraigh a chuid príomhghinearál, Paul von Hindenburg agus Erich Ludendorff, polasaithe i rith an Cheád Chogadh Domhanda le beagán meas ar an rialtas sibhialtach. Ba cheannaire cogaidh neamhéifeachtach é agus chaill sé tacaíocht an airm. Thug sé suas coróin i mí na Samhna 1918 agus theith sé ar deoraíocht go dtí an Ísiltír.
Beathaisnéis
Saolaíodh Uilliam ar an 27ú Eanáir 1859 ins an Kronprinzenpalais (Pálás an Rídhamhna), Beirlín go An Prionsa Fredrick William na Rúise agus a bhean chéile, An Banphrionsa Ríoga Victoria, an iníon is sinne ag Banríon Victoria na Breataine. Nuair a rugadh é, bhí a sheanuncail, Fredrick William IV, mar Rí na Prúise, agus bhí a sheanathair agus comhainmneach mar leasrí. Ba é an chéad garpháiste a bhí ag an Banríon Victoria agus an Prionsa Ailbhe, ach níos tábhachtaí, de bharr gurbh é an chéad mhac a bhí ag Rídhamhna na Prúise, ó 1861 bhí Uilliam mar oidhre an rí sa Phrúis agus i ndiaidh 1871 in Impireacht na Gearmáine.
Mar gheall ar breith tóna trámach fágadh é le lámh chlé seargtha de bharr pairilis Erb