Imdhíonadh
![]() | |
![]() ![]() | |
Cineál | immune system process (en) ![]() ![]() |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
MeSH | D007114 ![]() |
Imdhíonacht i gcoinne miocrorgánach galraithe a thabhairt isteach go saorga sa cholainn is ea imdhíonadh. Imdhíonadh fulangach a bhíonn i gceist nuair is antasubstaintí a riartar ar an duine i gcoinne oibreáin ghalraigh a díorthaíodh ó fhuil duine eile a tháinig chuige féin ón ngalar.
Cosaint thapa, ach gearrthéarmach, a bhíonn anseo, de bhrí go ndíscaoiltear na hantasubstaintí sa cholainn taobh istigh de chúpla sheachtain. Imdhíonadh gníomhach nó vacsaíniú a bhíonn i gceist nuair is próitéiní (antaiginí) de chuid an oibreáin ghníomhaigh féin a dháiltear ar an duine atá le cosaint.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/f2/Parents_of_Earth%2C_are_your_children_fully_immunized%3F_%284647268251%29.jpg/177px-Parents_of_Earth%2C_are_your_children_fully_immunized%3F_%284647268251%29.jpg)
Spreagann sé seo an cholainn chun frithghnímh i gcoinne an mhiocrorgánaigh. Foghlaimíonn sí conas na hantaiginí a aithint, meabhraíonn an t-eolas seo, agus bíonn ullmhaithe chun an cholainn a chosaint go tapa i gcoinne an oibreáin ghníomhaigh sin, fiú na blianta ina dhiaidh.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Imdhíonadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 365.