Victor Franz Hess
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Meitheamh 1883 Schloss Waldstein (An Ostair-Ungáir) |
Bás | 17 Nollaig 1964 81 bliana d'aois Mount Vernon, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Graz |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Gairm | fisiceoir, ollamh, taighdeoir |
Fostóir | Ollscoil Vín Ollscoil Graz Ollscoil Innsbruck Ollscoil Fordham |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fronta an Athartha |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghearmáinis |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | Elizabeth M. Hoenke Marie Bertha Warner Breisky (1920–1955) |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
Fisicí a rugadh i Waldstein na hOstaire ab ea Victor Franz Hess (24 Meitheamh 1883 – 17 Nollaig 1964). Thóg sé soithigh ianúcháin suas i mbalúin leis (1911-1912) agus fuair amach gur mhéadaigh an déine radaíochta de réir na hairde san atmaisféar. Chruthaigh sé gur tháinig an radaíocht ardfhuinnimh ón spás amuigh, gur radaíocht chosmach í. Chabhraigh sé le ráta astaithe alfa-cháithníní ó ghram raidiam a thomhas i 1918. Roinn sé Duais Nobel na Fisice le Carl Anderson i 1936 as a shaothar bunúsach ar ghathanna cosmacha. D'éag sé i Mount Vernon, Nua-Eabhrac.
Chuir sé faoi sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1938 chun géarleanúint na Naitsíoch a sheachaint. Ba Ghiúdach í an chéad bhean chéile aige. D'fhan siad sna Stáit Aontaithe agus sa bhliain 1944 ghlac sé saoránacht Mheiriceánach.[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Victor Frantz Hess". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 344.