Ceimicí fisiciúil a rugadh i mBriesen na Gearmáine ab ea Walther Hermann Nernst (25 Meitheamh1864-18 Samhain1941). Thug sé 3ú dlí na teirmidinimice isteach i 1906. Rinne sé taighde ar shaintoilleadh teirmeach ábhar faoi theocht gar don dearbhnialas agus a cheangal leis an teoiric chandamach. Bhain a thaighde bunúsach le hosmóis is brú osmóiseach, ianú, leictreafhuaimíocht, réaltfhisic. Dhíorthaigh sé an difríocht poitéinsil trasna scannáin leath-thréscaoiltigh nuair a bhíonn difríocht i dtiúchan na n-ian ar an dá thaobh de (mar atá i gcealla bitheolaíocha). Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 1920.[1]