William Tell (ceoldráma de chuid Rossini, 1829)
Teideal bunaidh | Teimpléad:Trim single quotes |
---|---|
Foirm cheoil | ceoldráma |
Cumadóir | Gioachino Rossini |
Leabhrógaí | Victor-Joseph Étienne de Jouy, Armand Marrast agus Hippolyte Bis |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Fhraincis |
Dáta a bunaíodh | 1828 |
Dáta foilsithe | 1829 |
Seánra | grand opera (en) agus ceoldráma |
Líon na bpáirteanna sa saothar seo | 4 gníomh |
Carachtair | Arnold Melchtal (en) , Guillaume Tell (en) , Walter Furst (en) , Hedwige (en) , Gesler (en) , A hunter (en) , Mathilde (en) , Leuthold (en) , Rodolphe (en) , Melchtal (en) , Jemmy (en) agus Ruodi (en) |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 3 Lúnasa 1829 |
Suíomh an chéad léirithe | Académie Royale de Musique (en) |
Ceoldráma de chuid Gioachino Rossini is ea William Tell, a cuireadh ar stáitse den chéad uair sa bhliain 1829, agus an ceoldráma deireanach a chum Rossini.
Tá sraith William Tell suite san Eilvéis, sa cheathrú haois déag, nuair a bhí an tír faoi cheannas na hOstaire agus an tíoránaigh Gessler. Tá an ceoldráma bunaithe ar an scéal ‘William Tell’, leath-fhíorscéal, leath-fhinscéal.[1]
Plota
Tugann William Tell cabhair d’aoire ar bhruach Loch Lucerne. Iomraíonn Tell an t-aoire trasna an locha agus éalaíonn an t-aoire ón saighdiúir Ostarach. Cuirtear Tell sa phríosúin. Éiríonn sé stoirmiúil agus bíonn ar Tell iomramh trasna an locha. Maraíonn Tell an tíoránach Gessler. Cuirtear an ruaig ar na hionróirí agus bíonn Tell ina laoch.[1]
Ceol
Cruthaíonn gach cuid den cheol pictiúr soiléir in intinn an éisteora. Is furasta mar shampla éirí na gréine, an stoirm, suaimhneas an aoire agus sceitimíní na réabhlóide a shamhlú le cuidiú ón gceol. Sampla maith é an réamhcheol drámata seo de cheol léiritheach mar go léiríonn sé go maith an scéal.[1]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ 1.0 1.1 1.2 cogg.ie. "Fonn Ceoilː Leabhran A". Dáta rochtana: 2021.