Útóipe
Stát idéalach is ea útóipe, mar a bhfuil gach rud in eagar ar mhaithe leis an gcine daonna i gcoitinne, gan rian de dhrochrudaí cosúil le bochtanas ná ainnise. Tugadh an teideal mar ainm ginearálta ar gach coincheap den saghas ag fealsaimh nó aislingigh.
Stair
Teidil leabhair le Thomas More (1478-1516) ba ea Utopia (1516).
Roimhe sin bhí a leithéid de choincheap ag Platón i bPoliteia (An Phoblacht, c 380 RC)
Bhí an coincheap ag Naomh Agaistín (354-430) ina De Civitate Dei contra Paganos (Cathair Dé i gCoinne na bPágánach, c 410).
Ina dhiaidh bhí
- La Città del Sole (Cathair na Gréine, 1623) le Campanella (1568-1639),
- The New Atlantis (An tAtlantas Nua, 1627) le Francis Bacon (1561-1626) agus
- The Commonwealth of Oceana (Comhlathas na hAigéana, 1656) le James Harrington (1611-1677).
Cur i gcoinne
Rinne Aldous Huxley agus George Orwell ionsaí aorach ar an gcoincheap.
- Scríobh Aldous Huxley (1894-1963) Brave New World nó Domhan Nua Dána sa bhliain 1932.
- Scríobh George Orwell (1903-1950) Animal Farm nó Feirm na nAinmhithe (1945) agus Nineteen Eighty-Four nó Naoi gCéad Ochtó Ceathair (1949).[1]
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Útóipe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 694.