AJAX

Teanga RíomhchlárúcháinAJAX
Cineálacrainm agus inisealachas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe2005 Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósJavaScript agus XML Cuir in eagar ar Wikidata
Clib Stack Exchangenasc Cuir in eagar ar Wikidata

Is teicníc le haghaidh forbairt Gréasáin é Asynchronous JavaScript And XML, nó a acrainm AJAX, a úsáidtear chun feidhmchláir Ghréasáin idirghníomhacha a chruthú. Is é a chuspóir ná an lód a bhogadh ón bhfriothálaí go dtí ríomhaire an scimeálaí.[1]

Stair

Chum Jesse James Garrett an téarma Ajax in alt a foilsíodh ar láithreán idirlín Adaptive Path i bhFeabhra 2005. Ní teicneolaíocht nua a bhí ann ach acrainm ghairid le haghaidh modhanna ríomhchlárúcháin a bhí á úsáid go forleathan le feidhmchláir idirlín idirghníomhacha a chruthú.

Teicneolaíochtaí a úsáidtear

Is teaglaim ceithre theicneolaíocht atá ann fós í AJAX:

  • XHTML (nó HTML) agus stílbhileoga cascáideacha (CSS) le haghaidh an dearadh a bhíonn in éineacht leis na sonraí.
  • Document Object Model (DOM).
  • An oibiacht XMLHttpRequest le haghaidh mhalartú sonraí go haisioncronach leis an riarthóir Idirlín.
  • Is í XML an fhormáid a úsáidtear go hiondúil chun na sonraí a iarrtar a aistriú go dtí an freastalaí.

Ar nós DHTML, LAMP nó SPA, ní teicneolaíocht í AJAX seachas téarma a úsáidtear le haghaidh cur síos ar ghrúpa teicneolaíochtaí a oibríonn le chéile.

Féach freisin

Tagairtí

  1. Moore, John (2008-07-07). "What is Ajax?". RIAspot.com. Dáta rochtana: 2008-07-24.

Naisc sheachtracha